Moltaí Chumann na mBunscol, Ath Cliath

Ní thabharfar cuireadh páirt a ghlacadh, don bhliain dár gcionn, d’aon scoil a dhiúltaíonn comhoibriú leis an gCumann i slí ar bith agus a dhiúltaíonn Moltaí an Chumainn a chomhlíonadh – (rún an chumainn AGM 2011)

Seo leanas moltaí an Chumainn

Aois

  1. Ní mór d’imreoir bheith faoin aois cuí.
  2. Faoi 13½ bliain d’aois a chaithfidh gach imreoir sinnsir bheith ar 1ú Eanáir agus faoi 11 bliain ar an gcéad lá den mhí chuí do na sóisir.
  3. Maidir le teorannacha aoise sóisir, (a) tá sé de chead ag an gCathaoirleach iarraidh ar scoil a chruthú go bhfuil an teorainn aoise shóisir atá á chur i bhfeidhm ag an scoil sin ceart; (b) cuirfear ar fionraí aon scoil nach bhfuil an teorainn aoise shóisir cheart á chur i bhfeidhm aici.

Clárúchán

 

  1. Ní mór do ghach imreoir bheith ar rolla na scoile lá an chluiche i gcomórtas ar bith.
  2. Ní cheadaítear d’imreoir ar bith atá ar rolla scoile amháin, imirt ar fhoireann scoile eile ach nuair a aistríonn imreoir ó bhunscoil amháin go bunscoil eile le linn chomórtais ar bith beidh cead ag an imreoir sin an comórtas a chríochniú leis an scoil inar thosaigh sé an comórtas. Ní bheidh cead aige imirt do scoil nua go dtí go dtosófar ar chomórtas nua.

Cluichí

  1. In aon chluiche, ní mór liosta na n-imreoirí a sholáthar don réiteoir, nó do Chumann na mBunscol, má iarrtar é
  2. Ní aithnítear cluiche ar bith nach mbíonn múinteoirí i mbun na n-imreoirí an dá scoil..

Cluichí Ceannais

  1. I gcluiche ceannais, (a) ní mór liosta cláraithe de na h-imreoirí a sholáthar don Chumann; (b) ceadaítear beirt mhúinteoir ón dá scoil, agus iad san amháin, ar an dtaobhlíne le linn an chluiche..
  2. Tá sé de dhualgas ar scoil múinteoir a sholáthar chun cabhrú leis an gCumann le linn na gcluichí ceannais.
  3. Caithfear gach sciath agus buanchorn a sheoladh ar ais snasta is greannta – deisithe más gá – go dtí an Coiste nuair a iarrtar é.
  4. Má bhíonn dhá scoil ar aon dath ag craobh-cluiche, beidh ar an dá scoil malairt dhathanna a chaitheamh munar féidir leo teacht ar réiteach.

Agóidí

  1. Ní mór (a) agóidí a chur isteach i scríbhinn laistigh de 3 lá ó lá an chluiche; (b) ais-agóid a bheith istigh i scríbhinn laistigh de 7 lá ó lá an chluiche.
  2. Ag an gCoiste Láir amháin atá cumhacht poinntí a bhronnadh.
  3. Nuair nach n-aontaíonn aon dá scoil ar fhaiche imeartha oiriúnach, beidh cumhacht ag an gCoiste Láir an áit imeartha a thoghadh.
  4. Ní bheidh dul thar bhreith an Choiste i gcás ar bith.

Cumann Múinteoirí Eireann

  1. Múinteoir tuatha, nach bhfuil ina bhall de Chumann Múinteoiri Eireann é, ní aithnítear mar chomhalta de Chumann na mBunscol é.